Profile avatar
fergusone.bsky.social
Gaeilge, Gauss, Getz, Kafka, Bealtaine, beoir, blues, scor, Bartók, Peig(!). Agus na gnáthrudaí. Und das Übliche.
1,350 posts 198 followers 215 following
Getting Started
Active Commenter

@aonghusoha.bsky.social Ba thrua nár pléadh ceist míchompordach an "chuiridh" ar @tusaite.bsky.social. Easpa ama, b'fhéidir, ach cailleadh deis ní hamháin bunpholasaí rí-thábhachtach (do stát na hÉireann ach go háirithe) agus meon an té nua, leis, a chíoradh.

Tá an té ón CSU a bhuaigh an suíomh díreach i dtoghlach Augsburg na Baváire agus nach mbeidh cead aige a shuíomh a ghlacadh sa Bhundestag tar éis a fhógairt ar X go bhfuil sé sin míchothrom, neamhdhaonlathach agus go bhfágfaidh sin pobal an toghlaigh gan ionadaíocht.

Téarma Gearmáinise an lae: Zweitstimmendeckung. De réir an chórais toghchán sa Ghearmáin is ionann dáileadh "dara vótaí" (Zeitstimmen) na bpáitithe agus dáileadh shuímh na bpáirtithe sa Bhundestag.

Bua siombalach. Tá Die Linke tar éis an suíomh díreach i dtoghlach Friedrichshain-Kreuzberg-Prenzlauer Berg Ost i mBeirlín a bhuachan. Ba é seo an suíomh ar éirigh le Hans-Christian Ströbele óna Glasaigh a bhuachan go han-mhinic. Caillteanas géar do na Glasaigh.

Gan amhras, i measc lucht thionscal na n-arm tá na coirc ag preabadh go fras (arís eile). Beidh na trilliúin (go liteartha!) á n-aistriú chucu as na cistí poiblí ar fud na hEorpa sna blianta atá amach romhainn.

De réir an "tuar-mheastacháin" is déanaí a d'fhoilsigh an ZDF beidh breis agus 48% ag teastáil chun an tromlach sa Bhundestag a bhaint amach. Má fhanann sé mar seo ní bheidh comhrialtas dhá pháirtí indéanta. Tá 5% ag dá pháirtí faoi láthair áfach agus tá amhras orm go bhfanfaidh sé mar sin.

Sa Ghearmáin níl aon chineál stocaireachta ceadaithe i bhfoisceacht den ionad vótála. Conas mar atá an scéal sa lá inniu in Éirinn?